Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dubhairt an bhean eile go raibh fhios aice go maith cad é an cúis a bhí uirthe agus dubhairt na píléirí an rud céadna.
D'fhiafhruig na píléirí de Siobhán annsan cad é cúis a bhí aice ar an bhean agus d'innis an bhean an cúis a bhí uirthe. Nuair a bhí an sgéal go léir críochnuighthe aice d'fhiafhruigh an bhean eile dhi an raibh san ceart agus dubhairt an bhean go raibh, ach ná'r b'fhiú trácht air agus go raibh Siobhán ana shaidhbhir agus go raibh sí féin ana bhoct.
Dubhairt na píléirí léi annsan ná déanfhadh san an gnó in-aon-chor agus do bhí an bhean a d'iarraidh bheith maith a dóthain de'n pílleír ach do bhí Siobhán ag dul na choinnibh agus do bhí ana spórt ag na píléirí ar an bheirt acu.
Sa deire dubhairt duine des na píléirí le Siobhán go raibh sí ana shaidhbhir agus go bhféadfhadh sí dhéanamh i n-éaghmuis an pinginn go breágh agus dá mbeadh sé aice ná déanfhadh sé aon tairbhe dhi.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Chríodáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí