Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sé gur ceart di tuille[?] do thabhairt de Síle Ní Chuíll mar go raibh sí ag ceannach uibhe uaithe i gcómhnaidhe [?] ná tabharfhadh sí aon ubh tuille dhi ná pioc agus ná leigfheadh sí an pingin sin di leis agus má tabharfhadh sí aon sgéal eile[?] mar sin cúcha féin go n-aireóchadh sí mar gheall air.
Do tháinig ana fhearg ar Siobhán annsan agus do bhí náire uirthe leis mar do chonnaic an bean na píléirí ag rádh an rud a dúbhradar agus siné an cúis go raibh náire uirthe.
Do chuaidh Siobhán isteach abhaile agus do bhí ana bhrón uirthe mar gheall ar an freagra a thug an pílléir uirthe agus do ana áthas ar an bhean eile mar gheall air.
Do shuidh Siobhán síos agus do bhí ag cuimhneamh mar gheall ar an pinginn agus an bhean agus do bhí ana cathúghadh uirthe mar gheall ar an sgéal d'ínnsint [?] in-aon-chor.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Chríodáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí