Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 101

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 101
  3. XML “Seán an Amadán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'fhiafhruig an fear do ansan cá raibh sé ag dul. Dubhairt Seán leis ansan go raibh sé ag dul i gcóir an t-suipéir.
    Ansan dubhairt an fear leis dul leis fein agus go mbeadh a dhóthin len-ithe aige.
    Chuaidh an fear leis an fear eile agus níor stadadar go dtí go dtanadar go lios agus do chuadar isteach ann agus do tug an fear rud éigin do agus ansan do cuiread isteach is seomra dubh íad.
    Ní raibh a fhios aige cad a dhéanfhadh sé agus do buailead breoidhte agus do bhí gach aoinne ag teacht ag feachaint ar an bhfear mbocht.
    Do bhí sé ana olc ar fad an créatiúr.
    D'fhan sé san lios ar feadh na h-aimsire sin go léir agus do bhí sé ana olc.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge