Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 054

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0334, Leathanach 054

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 054
  3. XML “An Bhean Saibhir agus an Tincéir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí bean i na cómhnuidhe i nGleann Daibh fadó tímpeall ochtmhóga bliain ó shion agus bhí sí saidhbir maith go leor do bhí sí na chómhnuidhe i na aonar agus do bhí árd saoghal ar fad aice.
    Do bhí thigh breágh deas compordach aice agus do bhí an cíos daor a dhóithin an uair sín abalta ar é díol go breág agus do bhí ceitre ba aice leis agus seacht acra talmhan.
    Do déanfadh sí an t-im aon uair amháin sa t-seachtmain san geimrid agus da uair sa t-seachtmain san t-samhraid agus is aice a bíodh an t-im dob' fearr dhá fuair aoinne riam.
    Do bhí caoghadh cearca aici nó mar sín.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Loinghsigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Loinghsigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Gort na Tiobratan, Co. Chorcaí