Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 0363

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 0363

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0363
  3. XML “Seán agus an Fearín Cliste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear ina chómhnuidhe i gCíll na Martra uair agus Seán a b'ainm do. Do cheap sé ná raibh aoinne chómh cliste leis féin chun airgead a dhéanamh.
    Lá amháin agus é ag ghabháil a bhóthair do casadh fearín beag ar Do bhí an fearín ag cainnt leis ach ní raibh aon mheas aige ar. Níor dhein Seán pioch ach ag maoidheamh as féin.
    D'imthig an fearín agus cúpla lá na dhiaidh do chuaidh Seán go dtí an t-aonach chun bó a cheannach mar ní raibh an stoc ceart ar a bhfeirm agus ag dul isteach do'n aonach do, do casadh an fearín beag ar agus bó néata dearg aige agus [?] aice.
    Do rith an fear cuige "Do thabarfhainn cúig púnt dhuit uirthe" ar seiseann. "Cúig púnt" ar seiseann ag gáiridhe. "Do thabarfí deich dhom ach ní thógfhainn".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire B. Ní Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    Tonn Láin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Máire Bn. de Róiste
    Inscne
    Baineann
    Aois
    52
    Seoladh
    Cnoc an Iúir, Co. Chorcaí