Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 079
- XML “Na Púcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair tímpeall dathad bliain ó shoin. Lá amháin do chuaidh sé go Maghchromdha agus d'fhan sé ann i gcaitheamh a laé ar fad ag ól.
Nuair a bhí sé ag teacht abhaile san oidhche do bhí sé ana dhorca agus ní fhéadfhadh sé pioc d'feisgint.
Do chonnaic sé solus i bfad uaidh agus nuair a shrois sé an t-solus agus isé an rud a bhí ann na tig beag deas agus do chuaidh sé isteach.
Do bhí teine breágh ar lasadh ann agus do bhí blúire feóla ag rósta leis an dteine. Do labhair an feóil leis agus dubairt sé gan aon lámh do chur air ach níor eist an fear leis agus do chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)