Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)anuas ar an gclaidhe chun suaimhneas a thógaint.
Nuair a dhein sé é sin do cheap sé gur airig sé rud éigin ag déanamh fothraim istig ann. D'oscail sé an cómhrainn agus do bhí cailín áluinn istig ann. D'eirig sí amach as an gcómhrainn ach níor labhair sí in-aon-chor.
Do labhair sé léi ach níor fhreagair sé í in-aon-chor. Do chuir sí a lámh siar ar chúl a chinn agus do chuir sí in [?] do rud éigin a thógaint as chúl a cinn.
Do chuir sé a lámh ar chúl a chínn agus do thóg sé amach biorán gruaige abhí ann. Do labhair sí leis ansan agus d'innis sí dho ansan gur inghean duine-uasal í agus go raibh sí breoidhte sa leabhaidh agus gur tháinig na daoine maithe agus gur thógadar í agus gur fhágadar seana-iarlais 'na h-ionad agus do mbeadh sí ag dul thar-n-ais go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Uí Luasaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí