Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 0633
- XML “An Firín Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'fhiafhruig sé do cá raibh sé ag dul. "Táim ag dul go dtí an t-aonach" arsa'n dritháir saidhbhir ag diól mo bhó.
"An mór athán tú ag fiafhruighe uirthi?" arsa'n firín beag "[?] an méid gur b'fhiu í" arsa'n dritháir saidbhir "an mór é sin?" arsan firín beag leis.
"Deich bpúnt" air seiseann, "och och och" air seiseann "níor bhfiú cúig púnt í sin" airsan firín beag "ní thabharfhainn duit ach cúig púnt uirthi" ar seisean.
"Mura dtabharfhaidh tú deich bpúnt dom air an mbóin" arsa'n dritháir saidhbhir "ní thabharfad sa duit í."
"Tá go maith" arsa'n firín beag "ní ceannóghadh í". D'imthig sé leis go dtí an t-aonach agus do bhí sé ag fiafruighe deich bpúnt ansan leis ach ní bhfaghadh sé ach trí nó ceithre púnt uirthi.
D'imthig sé leis abhaile agus níor dhiol sé an bó in-aonchoir agus do bhí i leithéid san d'fhearg air go raibh sé ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Thuama
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ui Thuama
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 95
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí