Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buicín gabhar ach do bhí sé dhá uaire níos mó ná aon t-shagas ghabhair.
Do chomáineadar leo soir trí "Gorón na gCapall" agus tríd an "Cill Mealltrach" agus ní raibh aon staonadh ortha go dtí gur shroiseadar "droichead an Capaillín Bháin". Do dhein an ceolthóir amach nách raibh an púca ag leigint aon chos ar an dtalamh ach ag comáint leis tríd an spéir.
Do chomaineádar leo ar chos in áirde go dtí gur shroiseadar "Carraig Thomáis". Dubhairt an púca leis an ceoltóir teacht anuas dhá dhrom.
Do bhuail sé buille dá chrúb ar an dtalamh agus d'osgail doras breágh mhór isteach tríd an gcnocán agus dubhairt an púca leis an gceolthóir é do leanamhaint anois pé áit 'na raghadh sé. Chomáineadar leo.
Nuair a chuadar isteach do bhí lán a' tíghe de sean-mhná istig agus caidhp agus ribíní ortha. Sidé an faision a bhíodh ar lean. i leath. 74. [leathanach 656](leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Thuama
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bn. Mháire Ní Thuama
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 96
- Seoladh
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí