School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 0545
- XML “An Sprid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall a chaogadh bliadhain ó shoin bhí an Dochtúir Baldwin 'na chómhnuidhe in Gort an Imil. Bhí aon inghean amháin aige agus bhí ana grádh aige di.
Aon oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile ó bheith ag feiscint duine breoite. Bhí sé ag déanamh amach ar a dó-dhéag a clog san oidhche. Bhí sé ar chapall iallait, nuair a bhí sé cúpla míle ó'n mbaile do tháinig ualach mór ar an dtaobh thiar de agus ní imtheochaidh an capall níos sia. Do baineadh geit as an ndochtiúr. Tháinig sé anuas de'n capall.
Bhí braonacha alluis ar an gcapall. Chuaidh sé in áirde ar an gcapall. Tháinig sé anuas de'n capall. Bhí an ualach ar an dtaobh thiar de airís. B'éigin dó teacht anuas airís agus siubhal leis an gcapall. Bhíodar ag gabháil thar droichead agus do chonnaic sé bean ag teacht anuas de'n(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Informant
- Bn. Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 67
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí