Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear na chómhnuidhe i gCúm Uí Chliabhaín tímpeall céad bliadhain ó shoin agus feirmeóir a b'eadh é. Aon oidhche amháin do bhí sé chun dul do h-aonach Beanntraighe agus mar sin do chuaidh sé a chodhladh go luath roim tuitim na hoidhche mar chaithfeadh sé eiríghe i meádhon-oidhche chun dul ann mar bhí sé ana fhada ó na tig féin.
Do bhí banbhaí aige le díol. D'eirig sé i meádhon-oidhche agus d'ith sé rud éigin agus chuir sé na banbhaí isteac sa trucaill agus d'imthig sé leis chómh mear agus d'fhéad sé é fé dhéin an aonaig.
Nuair a tháinig sé go coill a bhí ar thaobh an bhóthair do stop an capall. Do bhí iongnadh air agus do bhí sé a d'iarraidh an capall a tiomáint ach má bhí ní imtheóchadh an capall.
Táinig sé amach as an trucaill agus do bhí an capall ag cur allus mar a bheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)