Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “Mo Chara Do Léim a Sheanaléim Céachta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Mo chara do léim
    A sheana léim céachta"
    Bhíodar a chomáint leo go dtí go dtánadar go dtí tig feirmeora. Do bhí cailín óg a bhí chun pósadh ann an lá na mháireach, dubhairt na daoine maithe leis an buachail "go raghaidís isteach ansa anois agus ná fheiceadh aoinne iad," tig cínn túighe a b'eadh é, do bhí an tig lán do dhaoine agus iad ag ithe agus ag ól agus ag rínnche.
    Dubhairt na daoine maithe leis an bhuachail "go gcuiridís in-áirde air maide croise an tíghe é ós cionn an cistin in-áirde," agus dubhradar leis "gan aon fhochal a labhairt go dtí go dtógfhaidís feín as san airís é," do bhí sé ansan in-airde ag féachaint ortha ag ithe agus ag ól agus amach san oidhche do thosnuigh an cailín ag sraotharnaig ní dubhairt an buachail aon nídh an céad uair ná an tarna uair, ach an triamhadh uair dubhairt sé "Dia linn Dia linn is Muire."
    Ní túisce a bhí na focail as a bhéal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Thuama
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Sean Ó Liatháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí