Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Buachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 110

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
  2. XML Leathanach 110
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt sé ná raghfadh sé abhaile muna bhfaghfadh sé na leanbhaí.
    Do chuaidh sé tímpeall an domhain á lorg ach tásg ná tuairisc ní raibh ortha. I gcionn fiche bliana bhíodar chun iompáil na ndaoine airís.
    I gcionn fiche do fuair an t-athair na leanbhaí agus gan amhras bhí ana áthas air iad fheisgint na ndaoine airís.
    Thug sé abhaile leis iad ach nuair a thángadar abhaile is amhlaidh a bhí an leas máthair marbh agus ní raibh fágtha di ach na cnámha. Nuair a chonnaic na daoine na leanbhaí tar éis teacht airís do bhí ana áthas ortha agus do mhair an tighearna talmhan is a leanbhaí go seascair na dhiaidh san.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0403: The Black and the White Bride
    Teanga
    Gaeilge