Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 046
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do cheangail sé an caora amuich agus d'imthig sé leis isteach sa ghort a' d'iarraidh an chinn eile.
An fhaid a bhí sé istig do léim mac na baintreabhaighe amach agus do thóg sé an caora leis. Nuair a tháinig sé abhaile go dtí an árd ghadaidhe do thaisbeain sé an caora dho.
D'fhéach an t-árd ghadaidhe air agus iongnadh air is dubhairt "do bhuaidhis ar a bhfeaca sa riamh de phríntísigh tán tú chómh glic san".
Nuair a tháinig an príntíseach abhaile d'iarr an t-árd ghadaidhe de cad na thaobh gur leog sé don fear eile an caora a ghoid uaidh airís.
"Ní fheadar cad é an donas a bhí orm" arsa'n fear eile agus d'innis sé don ghadaidhe conus a bhuail an fear eile an bob air.
"Tá sé ró ghlic ar fad duit(leanann ar an chéad leathanach eile)