Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 040
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an mac a' faire uirthe agus do thóg sé an cómhgar go dti an Roilig is bhí sé ann roimpe.
Nuair a tháinig an máthair go dtí an Roilig do dhein sí fé mar a dubhairt an cómharsa léi agus b'é an freagra a tháinig thar nais chúice ná "le gadaidheacht ." Nuair a airig an máthair é sin d'imthig sí léi abhaile go buartha agus go cráidhte.
Bhí an mac sa bhaile roimpe agus dubhairt sí leis caithfead tú a cuir a foghluim do chéirde ambáireach agus tá súil agam go n'eireochaidh go maith leat.
Ambáireach a bhí chúghainn d'imthig an mac leis go dtí árd ghadaidhe a bhí na chómhnuidhe i n-aice leó agus do thóg sé mac na baintreabhaighe mar phríntíseach.
Gan amhras do bhí mórán príntísigh eile ag an árd ghadaidhe seochas(leanann ar an chéad leathanach eile)