Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Buachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear na chómhnuidhe annso i mBaile Mhúirne agus sé ainm a bhí air ná Seán Ó Mangáin. Do chuaidh sé chun cómhnuighe i Maghchromdha.
    Bhí an diabhal air chun bruighne le bata. Do mhair sé i Maghchromtha go dtí go raibh sé ana chríonna. Do buaileadh breoidhte an fear bocht agus cuireadh fios ar an sagart.
    Do chuir an sagart an ola dhéanach air agus nuair a bhí an sagart ag imtheacht d'fhiafruig sé dhe an raibh sé sásta na aigne.
    "Táim lán tsásta le bás d'fhághail " arsa Seán "agus nílim ag fiafruighe ach aon rud amháin díot-- sé sin nuair a gheobhad bás bata draighin duibh a chuir isteach sa chómhrainn liom mar tá a fhios agam gur go f-Ifreann a raghad agus nuair a raghad ann cuiread gach diabhal amach as leis an bata
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge