Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 008
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dubhairt bean a' tíghe leis, "Táimíd scriosta anois aige, agus is mise nó é sin a bheidh sa tig".
Dubhairt an mac leis ná déanfadh sé sin an gnó go bráth go gcaithfeadh sé imtheacht as an dtig. "Is olc an sgéal é sin" arsa'n sean duine "agus ní fheadar sa tsaoghal cá dtabharfad m'aghaidh".
D'imthigh sé leis amach i seana-thig agus fuair sé mála agus do chuir sé p'é méid a bhí aige isteach ann agus go deimhin fein n'íorbh é sin an iomarca.
Nuair a bhí gach rud ullamh ag an sean duine d'imthigh sé leis. Ní raibh sé ach imthighthe amach go dtí an gheata nuair a chonnaic sé a' teacht isteach an gheata na choinnibh an mac ba shine.
Bhí an mac a' teacht ó sgoil agus ní raibh a fhios aige pioc mar gheall ar an troid a bhí idir an sean-duine is a mháthair.
"Airiú, a shean athair a chroidhe istig"(leanann ar an chéad leathanach eile)