Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 005
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go ndeanfaidh sé an gnó annsan duit." An oidhche san nuair a bhí an inghean a' dul a codladh do théithidh sí báisín bainne agus chuir sí i naice leis an sean-duine é.
D'eirig an sean-duine i lár na h-oidhche airís, agus níor fhéach sé ar an mbáisín bainne a bhí i n-aice leis ach do chuaidh sé anonn go dtí na cíléirí agus do dhein sé seacht n'oiread díobhála agus a dhein an oidhche roimis san.
Ar maidin lar na bháireach nuair eirigh an inghean agus nuair a chonnaic sí an bainne is an uachtar meascaithe , dubhairt sí "Go deimhin féin a dhaid is mór an náire dhom é nár fhágas coinneal ar lasadh agat ach ní thuitfidh an sgéal san amach airís." Do shuidh an sean-duine suas sa leabaidh agus dubhairt sé "Ní tart ná ocras a bhí orm-sa ach is amhlaidh a bhíos bhúr dtriall."
Do bhí airgead ag an sean-duine i gan fhios agus thug sé an tairgead go léir don inghean agus d'fhan sé léi go bhfuair sé bás.