Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 002
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a eirig an mac is a bhean ar maidin agus nuair a chonnaiceadar an chrot a bhí ar an úrlár rómpa tháinig ana fhearg ortha is thugadar an bóthar do.
D'imthig an sean-duine leis agus do chuaidh sé go dtí an tarna mac. Dubhairt an sean-duine leis go gcaithfí a leabaidh a chóiriú i seomra an bhainne.
Do dheineadar amhlaidh is d'imthigheadar a codladh. Amach san oidhche d'eirigh an sean-duine agus do dhein sé an rud céadna agus a dhein sé leis an gcéad mac.
Nuair eirigh an mac ar maidin agus nuair a chonnaic sé an donas a bhí déanta ag an sean-duine tháinig ana fhearg air agus do chuir sé an ruaig ar an sean-duine.
Do chuaidh sé go dtí an tríomhadh mac agus do thuit an rud céadna amach annsan, do bhí gach mac den na trí macaibh níos measa ná a chéile.(leanann ar an chéad leathanach eile)