Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)

Suíomh:
Doire Chonaire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn de Paor
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 442

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 442

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chonaire
  2. XML Leathanach 442
  3. XML “Cúram na gCos”
  4. XML “Uisce na gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    arís do bhainidís na bróga díobhtha arís chun íad do spáráil. Do dheinidís an cleas ceadhna núair a bheidís ag dul go dtí an margadh. Ní raibh púinn greasaithe ann fadó acht ceann annso agus annsúd. Tá go leór aca ann anois deisigheann síad seana bhróga cuireann síad buinn fútha. Fúaghann síad taobhíní ortha núair a bhíonn na h-uachtair briste.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá sé raidhte ag na sean daoine ná fuil sé ceart uisce na gcos do chaitheadh amach san oidhche chun go dtagadh an mhaidin agus é chaitheamh amach ansan agus gan é fhágaint istig indhiaidh a h-ocht a chlog ar maidin. Núair a bhíodh na daoine a níghe a gcos san oidhche ní leogaidís aon bhraon don uisce a thuiteamh ar lic na teine mar bhíodh na daoine maithe 'na ndiaidh san oidhche. Bhí gréasaidhe na cómhnuidhe i nDoire na Fola fadó agus an Greasaidhe líath a tugtí air. Bhíodh sé ag deanamh bróg agus á ndeisiú.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Cradhlaoich
    Inscne
    Fireann