Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 434
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Geadach :- Bó chrón agus gead bhán 'na h-éadainn.
Núair a bhímíd ag tiomáint na mbó deirimíd "habha, habha, huis" agus núair ná bheidís ag imtheacht an bóthar cheart déarfaimís "Róis, Róis, hoch súas" agus d'imeóchaidís ag iníor, ag piocadh fraoich nó fionáin
Crúaidhte a tugadh ar tig na mbó.
'Sé an easair a cuirtear fútha ná aiteann Gaedhlach agus aiteann Gallach agus dorn earach mhíne crochta anúas air.
Dá mbeadh colann crosdála ann agus go mbeirfá cun í thúbairt ar an aonach na h-aonair caithfá crobhnasg nó [?] a chur uirthe chun í thubairt leat.
Cuirtear puthchúl ar asal nó ar chapall chun íad, do choimeád sochair.
Búarach a chuirfá ó chois deirigh go dtí an chos tosaidh d'on bhó núair a bheithfá chun í chrúadh dá mbeadh sí ana chrosdála.
Domhnach na Failime chuiridh blúaire fhailime i gcró na mbó chun rath do thúbhairt des na búaibh.- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Cruadhlaoich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí