Scoil: Doire Clathach (Derryclough), Drom Dhá Liag (uimhir rolla 11931)

Suíomh:
Doire Clochach Íochtarach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Firbisigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0300, Leathanach 085

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0300, Leathanach 085

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Clathach (Derryclough), Drom Dhá Liag
  2. XML Leathanach 085
  3. XML “Is Mac do Mhac go bPósfar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sean duine ann uair agus bhí mac aige. Buachaill maith a beadh é agus bhí an chion ag a athair air.
    Nuair abhí sé in aois a phósta do pós sé cailín agus as san amach bhí an t-athair ag fághaint droch úsáid uaidh
    Mar seo lá nuair a bhíodar amuigh sa pháirc thug an sean duine an mach i leath taoibh agus dubhairt sé leis mar seo
    Nuair bhí se beag bídeach ba thusa mo stór
    Do chíorfainn go mín thú go minic sa ló
    Do dhíolfainn an [?]dhuit an druimfionn san cró
    Is ní íosfainn se an t-ím agus tusa ós mo cómhair.
    Thuig an mach cad é an éagcóír abhí á dhéanamh aige agus thug se saoghal mait da athair as san amach
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eamonn Mac Firbisig
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)