Scoil: Doire Clathach (Derryclough), Drom Dhá Liag (uimhir rolla 11931)
- Suíomh:
- Doire Clochach Íochtarach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Firbisigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maith ag feitheamh léi. I ndeire na dhála tháinig an Sagart amac agus d'iarr sé air cá raibh a bhean céile agus sé an freagra adubhairt sé ná gur ceap sé go raibh sí annsan roimis. Ar feadh tamaill eile do táinig an sagart amac airís agus d'iarr sé air cionus a sgaradar le na céile agus sé a dubhairt sé go raibh súil aige go bfeicidh sé airís í. Faire fút ars an sagart do dheinis dearmhad. Ca na thaobh ná dubhairt tú go raibh dócas agam go bfeicid airís thú agus go mbeadh an freagra ceart agat.
D'imthig sé abhaile é fein agus a cóísire agus d'iarr sé dá máthair cad na thaobh nár innis sí do go raibh sgáil ar a leath-súil aige. Gan moill do rug sé ar a gunna agus do lamhac sé í. Cuir san deire leis an bhpósadh mar do cuireadh é i bpríosún.- Bailitheoir
- Máigréad Ní Chárthaig
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Seanacáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an Loiscthe, Co. Chorcaí