Scoil: Doire Clathach (Derryclough), Drom Dhá Liag (uimhir rolla 11931)
- Suíomh:
- Doire Clochach Íochtarach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Firbisigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí duine uasal ann fadó agus ní raibh aoinne in a fhocair san tig act a mháthair Lá amháin cuaidh sé ag fiadhac le cú agus gunna aige. Ar taisdeal do do tháinig sé go páirc mhór go raibh cailín ag inbhear le ba. Do bhíodar ag cainnt ar feadh tamaill mhaith agus d'iarr sé uirthi a bpósadh sí é.
Do dein sí comhartha go raibh sí sásta. Do ceapadar lá árithe cun a bheith pósta. Nuair a bhí sé ag sgaramhaint leí do thug sé crocha lamh di agus póigín agus dubhairt sé
"Slán beo leat agus tá súil agam go bhfeicid airís thú.
Tá adubhairht sise agus súil eile ná feicidh coidhche mé.
Nuair a táinig an lá cun dul i bpósad do cuaidh sé féin agus a coisire go dtí an séipéal agus nuair a cuaidh sé ní raibh an bhean ann roimis. D'fhan sé ar feadh tamall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máigréad Ní Chárthaig
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Seanacáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an Loiscthe, Co. Chorcaí