Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)

Suíomh:
An Dúinín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
R. Ó Motharua
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 110

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Dúinín
  2. XML Leathanach 110
  3. XML “Longbhriseadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tímcheall leath-mhíle ón gcósta, in Iarthar Corcaighe tá carraigeacha árda géara, ar a tugtar "The Stags". Tá siad cosúil le h-adharca fiaidh agus tá síad dainnséarac go leór mar níl aon tig ann.
    Do tharla go raibh long seóil ag teacht ó New Orleans san Mí Deire Fómhair 1924. Bhí last genearalta ins-an luing. Bhí tobac, cadás, agus bairrillí íle ann. Bhí an aimsir ceóidh agus ní fheaca an captaen na carraigreacha. Do stiúir sé an long fé dhéin na fairrge airís, ach ar mhí-ádhmharaí an domhain, do chúaidh sí ar na carraigreachaibh.
    D'fhan sí ann greamuighthe ar feadh seactmhain. Ní raibh aoinne báidhte ach bhí fear amháin gortuighthe agus tar-éis cúpla lá do fúair sé bás. Do thainig mórán píosaí adhmaid isteach leis an taoide núair a d'imthigh sí go tón na fairrge.
    (Bailigheadh eolus i dtaobh na luinge seo, ó muinntir na h-áite seo)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teanga
    Gaeilge