Scoil: An Dúinín (uimhir rolla 4444)
- Suíomh:
- An Dúinín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: R. Ó Motharua
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Dúinín
- XML Leathanach 103
- XML “Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear in a chómhnuidhe i dTráigh Omna fadó agus do réir tuairisgí do bhí go leór airgid aige. Ní raibh aon chlann aige, ach chómhnuig sé in a aonar. Do chuir sé chuid-mhór d'á chuid óir, i bhfolach i gcófra mór agus do choimeád sé chuid beag eile.
D'fhág sé le h-údhacht, sar a bhfuair sé bás, íomháigh de féin. D'órduig sé an íomháigh seo do chur in áit a thaisbeáin sé. Dubhairt sé len-a ghaolta an rann so bheith dealbhtha ar bhun na h-íomhaighe.
"Gach oidhche Bhealtaine ar mo cheann
Caithimh coróinn órdha."
Nuair a fuair sé bás do tháinig a ghaolta, agus do chúardaigheadar gach áit, - dóigh agus andóigh - ach ní fhuaireadar an ciste. Sar a bhfad, do chuireadar an íomháigh anáirde agus do léigh gach duine na líntí a bhí dealbhtha uirthí, ach níor thuig aoinne na focail. Aon lá amháin, do tháinig bacach go dtí an áit, agus do chonnaic sé na líntí agus do thuig sé íad.
Do chuaidh sé ar a thaisteal, agus ar an gcéad oidhche Bhealtaine eile, d'fhill sé ar an áit le rámhain. Do chonnaich sé scáth na h-íomhaighe ar an dtalamh agus ag cheann an scátha do chuir sé marc. Annsan do thosnuig sé ag romhar ag an áit sin. Ní fada go dtáinig sé ar an gcófra óir agus do bhí sé saidhbhir go leór in a dhíaidh sin.
(Fuarathas an scéal seo ó Dónal Ó Coileáin, Árd Gaoitheáin)
Fear óg é. Chuala sé an scéal ó n a athair, fear a chaith cuid maith d'á saoghal in Ameirica.- Faisnéiseoir
- Dónal Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard Gaotháin, Co. Chorcaí