Scoil: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
  2. XML Leathanach 030
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is mór an méad cómhra atá i measg na ndaoine, go mór mhór muinntear na tuaithe i dtaobh na h-aimsire a bheith bréagh nó fluich nó gaothmhar agus eile.

    Seo iad cuid de's na slighe a bhíonn fhios acu cad é an saghas aimsire a bhíonn ag teacht, insan samhradh nuair a bhíonn an gabhairín ruadh le cloisint istoidhche bíonn coinne acu le h-aimsir ana bhréágh ar fad.
    Nuair a bíonn an ghaoth adtuaidh nó aniar adtuaidh de gnáth bíonn an aimsear fuar, tirim.
    Má bhíonn tráigh-mhara ana íseal ann bíonn aimsear bréagh le teacht. Má bhíonn lán mhara ana-mhór ann bíonn aimsear fluich agus garbh le teacht.

    Nuair a bhíonn cearca ag piocadh a gcleití nó madra ag ithe féir, deirtear go mbíonn droch-aimsear agus fluicras le teacht.
    Nuair a théigheann an ghrian fé i scamaill dubha, comhra olc iseadh é sin leis.
    Nuair a bhíonn bogha-cheatha le feiscint san spéir ar maidin, bíonn fluicras le teacht.

    Máire Ní Leanáin
    Rinn Garóige,
    Dún na Séud

    Fuaireas ó mo mháthair é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Leanáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rinn Ghearróige, Co. Chorcaí