Scoil: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do cuirti na nósanna seo i dtaithighe Lá Bealthaine i gCatharach tímcheall caogadh bliadhain ó shoin agus cuirtear an ceud trí cinn atáim cun a innsint i dtaithige ann fós.
Eirígheann gach aoinne go h-ana luath an mhaidin sin agus téigheann siad cómh mear is a bhíonn in a gcosaibh go dtí an tobar chun an ceud uisge do thógaint as mar creideann siad go mbíonn leigheas ar ghalar ann. Nígheann siad a n-aghaidh le drúcht na maidhne leis cun gal air na bliadna do coimead uatha.
Tógann siad isteach píosa de ghlasra éigin chun a thaisbeáint go mbíonn tosnú an tSamraidh te againn.
Bíonn na leanbhai ag bualadh a céile le n-eanntoga cun a céile d'ollmhú i gcóir an tSamraidh te.
Tímcheall caogadh bliadhain o shoin ní crúdhadh aoinne i gCatharach ba a chómharsan an mhaidin ceudna mar do creideadar go mbainfaidhís rath na bliadhna de'n bhainne agus ná feadfhadh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní hÉigeartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathrach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Séarlas Ó hÉigeartaigh
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70