Scoil: Béal Átha Uisce (uimhir rolla 4836)
- Suíomh:
- An Failleán Thiar, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Átha Uisce
- XML Leathanach 119
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tá an amhrán so mar geall ar fear a pósadh agus go bfúair a bhean bás agus pós sé arís.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Chun go sgarradh a' bás sinn
Nó lán des na Crosaibh.
(IV)Cad a b'áil leat dá rádh-sa
Is bean eile chun luighe leat,
Fill abhaile ar do chéile
Is í ag gléigeal go ndeinfeadh Dia duit.
(V)A raghainn sibh féin leat
Níorbh aon chabhair ort mo ghile luighe leat,
Ach ar nós sgáth na gréine
Bheadh ar thaobh cnuic lá gaoithe.
(VI)A feiceadh mé arís tú
Choidhthe ná go bráth leat,
Chífear arís mé is cífear gach lá mé
Mar beadh mé im shídhe gaoithe romat sios ar na bánta.- Faisnéiseoir
- Maghréad Ní Shúileabháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort an Gheana Bhric, Co. Chorcaí