Scoil: Camross, Mountrath

Suíomh:
Camros, Co. Laoise
Múinteoir:
Pádraig Ó Heifernáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0826, Leathanach 131

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0826, Leathanach 131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camross, Mountrath
  2. XML Leathanach 131
  3. XML “Cloch Naoimh Caoimhín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Naomh Mochomoch a chuir mainistir an ar bhun san mbliadhain 550. Thug sé an mainistir seo do Naomh Caomhan - dearbhráthair do Naomh Caomhighín ó Gleann Dá Loch. Níl aon trácht ar Eanach Truim ó aimsir Naoimh Caomhain.
    Do lean na manaigh in a gcómhnuidhe ann go dtí dara haois déág. Bain na sagairt paróiste uatha é annsan.
    Fothracha atá ann ó 1832. Tá cill Protostúnach ann anois. Níl fágtha anois de'n seana-mhainistir ach seomra chloch. In san reilig ag dul leis an tseana-mhainistir atá muinntir Dubhsláinghe, muinntir Oyticín agus muinntir Cináin curtha.
    Deir na sean daoine gurab é an áit in a bhfuil muinntir Antoine curtha seomra an naoimh fhéin; ach de réir an Dr. Mac Alastair is gach rud a' baint leis an seachtmhadh aois déag gach rud atá le fághail in Eanach-Truim.
    Tá sgéal ag dul le Eanach Truim. Lá brothallach chuaidh Naomh Coamhan go dtí an tobar. Tar eis deoch a dhóladh, thuit a codladh air.
    'S a chodladh dó, goideadh a chuid bhróg. Nuair a d'eirigh sé bhí fearg mhór air agus chuir sé a mhallacht ar an áit, agus seo é:-

    "Go raibh clann in imreas i gcómhnuidhe in Eanach-Truim"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge