Scoil: Castleplunkett (uimhir rolla 15545)

Suíomh:
Lios Lachna, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0245, Leathanach 101

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0245, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Castleplunkett
  2. XML Leathanach 101
  3. XML “Leigheas ar Leonadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá nós i bParóiste Buidhbhreach (Buidh-aibhreach is dóigh),
    Co na Gaillimhe fós agus deirtear go bhfuil an nós seo i ndan leonadh beag a leigheas. Nuair a gheobhfadh leanbh leonadh ar bith ina láimh nó ina chois, bhéarfadh sean duine eicint greim ar an mball ghá tharraingt go mín agus ag rádh mar seo:
    Sean-duine "leónadh annseo?"
    An duine óg "gortuigheadh."
    Sean-duine "leónadh annseo?"
    An duine óg "gortuigheadh."
    Sean-duine "leónadh annseo?"
    An duine óg "gortuigheadh."
    Sean-duine "A fhear údan thall
    taobh thall den mhóin
    tabhair an leónadh leat.
    Ó Sheán Ó Reachtaire, Cnoc an Liagán. Rugadh 's tóigeadh Seán i Leitra i naice le Gleann na Madaí, agus tá'n Ghaedhilg ag a chómhairle féin aige.
    S. S. ÓDómhnaill
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
          1. leigheasanna ar ghalair ar dhaoine
            1. leontaí (~94)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S.S. Ó Dómhnaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Reachtaire
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Knockalegan East, Co. Ros Comáin