Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)

Suíomh:
Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Séamus B. Ó Lúbhaing
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 455

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 455

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Rialaigh
  2. XML Leathanach 455
  3. XML “Cailín Deas Cruite na mBó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá gréine is mé ag aoidheareacht i gcuím-chnuic
    Tháinigh éiclips is luathramh thar meón
    Ins na spéartha gur fhéachas go h-iongantach
    Is taoibh liom gur thúirligh i gcló
    Cé gur mheasas dul tamall 'á tionlac
    Is ná sgarfainn lem’ rúnach go deó
    Le na deasa bhuail sé chleasa ar mo shúile
    Sí Cailín deas cruidhte na mBó.
    II
    Is baoghalach ná chun saoghil fada a thabhairt dom
    Go dtáinig an chúilfhíonn am chóir
    Ní bean shaoghalta bhí i n-aon chor dar liúm ann
    Ach spéir- bhruinneall mhúinte go leór
    An tú Hélen, Pálas, Bhenus nú Junó
    Nú an deagh-bhean do thúirligh i gcló
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Bólas, Co. Chiarraí