Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ceithre cínn de bhuaibh ag m’athair. Siad so na h-ainmneacha atá ortha¸ Blúire, Doinní, Cábach agus Smólach. Deineann m’athair na ba do chrú dhá uair sa ló, ar maidin agus tráthnóna. Bíonn na ba amuigh aige i rith an Fhoghmhair, ach nuair a thagann an Gheimhreadh cuireann sé isteach iad. Ní h-iad na ba amháin atá ar an bhfeirm. Tá gamhna, beithidhigh, asal, agus capall le na gcois. Ar an gcnoc a chuireann sé an capall, agus ní bhíonn sí sásta leis an gcnoc i n-aon chor, gan teacht anuas agus dhul síos sa Garraí Árd, mar sin í an pháirc is mó go bhfuil féar ag fás inti. Faigheann na gamhna bainne dhá uair sa ló, ar maidin agus tráthnóna.Nuair a bhíonn an bainne ólta aca ar maidin, cuireann m’athair an gadhar soir ins na páirceanna leó. Annsan ní stadann siad de rith(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bólas, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Míchéal Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bólas, Co. Chiarraí