Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Rialaigh
- XML Leathanach 406
- XML “Scéal Thaidhg Rábach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seachtmhaine ag feitheamh le cóir seóil.
Ceann des na laetheanta do bhuail cuige treas-bhean agus d'fhiafhruigh de cad a bhí á choimeád annsan go raibh sí ag féachaint air le seachtmhain. Dubhairt Tadhg léi do ag feitheamh le cóir seóil a bhí sé. "A Thaidhg" ar sise "do choinneóchadh sean-mhná an bhaile annseo go ceann bliana thú. Seo hancaersúr duit go bhfuil trí shnaidhm air agus nuair a raghair go béal a phúirt amach scaoil ceann aca agus más beag leat do shiubhal nuair a raghair do chósta Chiarraidhe idir an Bhó agus an Tarbh scaoil a tara ceann ach ar do bhás ná scaoil an tríomhadh ceann.Do dhein Tadhg uirthi fé mar a dubhairt sí leis, ach nuair a chuir sé Oileán na gCáinneóg de, dubhairt sé leis an mbeirt pháirtidhthe ná raghadh sé ar a' dtalamh go deó chun do mbeadh fhios aige cad a bhí sa tríomhadh ceann.Bhaineadar moill as chun do rabhadar isteach i mBéal a' Ghóilín. Do scaoil sé an tríomhadh ceann annsan i n-aimhdheóin a bheirte pháirtidhthe. Do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí