Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán P. Ó Súilliobháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)istig i nDaibhre. Dubhairt an t-athair leis an triúr mac, dul isteach go Daibhre agus glaodhach air an sagart agus arádh leis an deabhadh is feárr a fhéadfhadh sé a dhéanamh chuige mar go raibh sé ag fághail bháis. Dimthig an triúr ortha agus níor stadadar go dtí gur dheineadar amach tig an t-sagairt, agus bhuaileadar an doras. D'oscail an seirbhíseach dóibh agus d'iarr sí ortha cad a bhí uatha. Dúbhradar léi gur bé an sagart a bhí uatha dhá n-athair mar go raibh sé ag fághail bháis. Cuaidh an seirbhíseach go dtí an sagart mar a raibh sé na sheómra, agus dubhairt sí leis go raibh a leithéidí seo ag glaodhach air chun a h-athair, agus go n-dúbhradar leis an deabhadh is feárr a fhéadfadh sé a dhéanamh mar go raibh a h-athair ana dhonaidhe agus ag fághail bháis. Téighir anois arsa an sagart agus abair leó imtheacht agus go mbead-sa na ndiaidh má's maith liom é. Mar sin do bhí agus do bhailigeadar leó abhaile. Nuair a bhíodar imthighthe do glaoidh an sagart air a sheirbhíseach chuige agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Mac Criothain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Urlaí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Criothain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill Urlaí, Co. Chiarraí