Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 021
- XML “Scéal - Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Ciste Óir i bfholach
Bhí fear ann fadó agus bhí sé na cómhnuidhe i mbhaile-anSgeilg. Oidhce amháin bhí taidhreamh aige go raibh pota oir i bhfholach inaice le crann i bpáirc inaice le Cill-Orglann. San uair sin ní raibh aon gluaisteán ná traén cun na ndaoine a thógaint ó áit go háit, agus bhí sé chómh cinnte go raibh an taidhreamh fíor gur thosnuig sé ag siubhal go Cill-Orglann maidin lá ar na bháireach. Bhí sé déanach an tráthnóna sin sar a raibh sé ann. Do thosnuigh sé go tapaidh ar lorg an chrainn. Fuair sé an páirc acht ní féadfadh sé an crann dfágháil. Do bhí sé déanach annsan agus dubhairt sé leis féin go bhfhanadh sé ann go dtí maidin laé ar na bháireach. Chuaidh sé go dtí an páirc arís ar maidin ar lorg an chrainn. Taréis tamaill tháinig fear go dtí an bpáirc chuige agus tosnuigh siad ag cainnt le na chéile. Dfiafruigh an fear de cár bh'as do agus dubhairt sé gur ó Bhaile-anSgeilg. Dúbhairt an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Domhnall Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSráid Nua, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Fionán Ó Muircheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSráid Nua, Co. Chiarraí