Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 011
- XML “Scéal - Seán agus na Trí Madraí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéul:-
Séan agus na trí madraí
Bhí baintreabach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici. Séan a bainm do. Bhíodar ana bhoct. Lá amháin do chualadar go mbeadh fear ag teacht cun an chíos do bhailiú. Dúbhairt sí le Séan ná raibh aon airgead aca chun an chíos do dhíol. Dúbhairt sí le Séan dul leis na trí ba cun iad do dhíol. Ar an slighe isteach do bhuail fear leis agus bhí madraí deasa aige. Dúbhairt sé le Seán na a thabhairt dho agus go dtabharfadh sé na madraí dho agus gan iad do thabairt do éinne. Chuaidh Seán abhaile. Bhí a mhátair ag gol agus dúbhairt sí, "cad a dheineamar anois." "Do tháinig an fear ag bailiú an chíosa. Níl aon airgead (ars) againn", arsa Seán. "Teighir amac as an tig", arsa an fear." Do léim na madraí amach agus do bhaineadar an lámh don bhfear. Bhí sé ag scréachaig le pian. Dúbhairt sé le Seán go dtabharfadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Connchúbhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean an Breathnaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Barr na Sráide, Co. Chiarraí