School: Waterville (C.) (roll number 16015)
- Location:
- An Coireán, Co. Chiarraí
- Teacher: Helen O' Sullivan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Waterville (C.)
- XML Page 149
- XML “Na Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Sean-FhocailBuachaill leisgeamhail ba eadh Tadhg. Dubhairt a mháthair leis dul go dtí an tobar fé dhéin cróca uisge, acht dubhairt sé go raibh a chos tinn. Dúbhairt a mháthair leis dul go dtí an tobar fé dhéin cróca uisge, acht dubhairt sé go raibh a chos tinn. Annsan dubhairt sí le Domhnall dul ann acht dubhairt sí le Domhnall go raibh fuacht air. Ba é rud a dubhairt sean-Sheán ná “Dearbhrathair do Thadhg Domhnall.”
Bhí aithne agam-sa ar chailín dárbh ainm di Mór agus bhí sí an mhór-chúiseach ar fad innte féin, agus ní leigfeadh an mhór-chúis di dul fé dhéin aráin ná aon rud eile dhí féin; bheadh náire uirthi. Ba mhaith léi cailín a bheith aici i gcomhnuidhe. Ba é rud a dúbhairt mé féin ná “Cailín ag Mór agus Mór ag lorg déirce.”
Bhí fear bocht ‘na chomhnuidhe sa Ráth uair agus bhí sé go mór as a mheabhair ach shíl sé go raibh gach aoinne san áit as a mheabhair ach é féin, agus bhíodh sé ag tabhairt comhairle dóibh. Ba é rud a dubhairt sean-dhuine leis lá ná: “Is dóigh le fear na buile gurab é féin fear na céille.”