School: Waterville (C.) (roll number 16015)

Location:
Waterville, Co. Kerry
Teacher:
Helen O' Sullivan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 181

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 181

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Waterville (C.)
  2. XML Page 181
  3. XML “Pádraig agus na Beachaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pádraig agus na beachaí.
    Tráth amháin bhí sé ag tabhairt seanmóra uaidh agus d’ársuigh sé an scéal ar Jónas nuair a bhí sé ar an luing agus an long ar tí báidhte mar gheall air nach ndeanfadh sé an ní a dubhairt Dia leis.
    Ar chríochnughadh na seanmóra do Phádraig bhí sé ag imtheacht, agus labhair Páganach suas leis. “Cá mholaim an cineál cirt agus córa atá aige do Dhia-sa” adeir sé.
    “Cad chuige?” arsa Pádraig,
    “Má’s fíor an sgéal d’ársuigh tú tamall beag ó shoin” adeir sé, “bhí sé ar tí lucht luinge uilig a bhádhadh ar son coire duine amháin. An breitheamh is measa bhí ariamh in Éirinn cha dteanfadh sé a leithéid sin.”
    “Tar liom-sa, a fhir cóir” arsa Pádraig agus thug sé leis go bruach chaonaigh innseach é, áit a rabh fhíos ag Pádraig go raibh nead beach innti.
    “Och, fan annso” a deir Pádraig “go bhfuighidh mé cisín le h-aghaidh na beachaí seo a chur ann. D’imthigh Pádraig, agus, ag tilleadh ar ais dó agus fuair sé an Páganach ar mire ag troid go calma leis na beachaibh, ag léimnigh ar an chaonach agus na céadtain aca marbh aige faoi na chosaibh agus na thimcheall uilig ar an talamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Folktales index
    AT0759: God's justice Vindicated
    Language
    Irish