School: Waterville (C.) (roll number 16015)
- Location:
- Waterville, Co. Kerry
- Teacher: Helen O' Sullivan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Waterville (C.)
- XML Page 176
- XML “Seán na gCeirteacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seaghán na gCirteach
(Fachtar trumpa béil chuige seo)Bú – ú – ú, tú, tu, tú – u – u – u (ar an trumpa)
Preabáin gan mhaitheas, is sean-chirteacha:
Cnámha muicfheóla! Cnámha bagúin:
Cnámha caoir-fheóla; Cnámha mairt-fheóla:
Tú – ú – ú, tu – u, tú – tú - ú (ar an trumpa)
Gach éan – tsaghas buidéil idir reamhar agus seang fada agus teann.
‘Seadh, a thrumpa bhig, éirigh isteach annsan go fóill
Agus bíodh greas chodlata agat;
tá do chuid féin déanta go maith agat
mar 'cím cinn dá sáthadh amach na dóirse suas an tsráid.
Bailighidh suas! Bailighidh suas!
Is mise Seán ó Modhráin, fear bailighthe sean-phreabán agus sean-chirteach ag iarraidh a choda is é leath-lomnochta; go bhfuil na fuachtáin ar a chruadh-shálaibh ó’n sioc, is an chruadháil air ó’n bhfuadráil is ó’n rithe; go bhfuil an tsnáith agus na snáthaidhe aige i gcomhair an aosa chríonna agaus na muilinn ghaoithe agus na misleáin i gcomhair an aosa óig. Bailighidh na sean-chirteacha agus bailighidh na sean-chnamhna. Tá buidéil da nglacadh indiu agam. Is ar éigin is fiú dham bheith na mbun ámh, mar ceannuighim ro-dhaor agus díolaim ró-shaor iad.(continues on next page)