School: Waterville (C.) (roll number 16015)

Location:
Waterville, Co. Kerry
Teacher:
Helen O' Sullivan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Waterville (C.)
  2. XML Page 147
  3. XML “Amuigh san Oíche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amuigh san Oidhche
    Bhí garsún ann fadó agus bhíodh sé ag fuireach amuigh san oidhche ag imirt cártaí agus bhíodh a mháthair a rádh leis i gcomhnuidhe nár cheart do bheith ag fuireach amuigh chomh deireannach, ach ní raibh aon toradh aige uirthi, agus lean sé air.
    Bhí sé ag teacht abhaile oidhche agus bhuail Sochraid leis ach ní raibh ach triúr fé’n choifín. Leagadh an choifén os a chomhair ar an mbóthar agus tháinig fear i leith chuige.
    “Cá rabhais go dtí an t-am so d’oichche?” arsa an fear leis. “Bhíos ag imirt cártaí” arsa an buachaill. “Bí istigh annso fé’n choifín seo” arsan an fear. “Is mór an náire dod’ leithéid do bheith ag siúbhail an bhóthair agus sinn-ne marbh ag an obair seo. Chuaidh an buachaill fe’n choifín mar ceathramhadh duine agus bhí eagla mór air. D’imthigheadar leo agus bhíodar ag imtheacht agus ag imtheacht gur glaodhaidh an coileach. Leagadh an choifín ar an mbóthar annsan agus dubhradh leis dul abhaile do féin.
    Bhí sé deich míle ó bhaile. Thug sé mí ar an leabaidh agus níor chuaidh sé ag imirt chártaí ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish