Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 214
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do chuaidh Aodhaghán isteach go tig chun loisdín na h-oidhche d'fhághail.Ní raibh aenne istig roimis ach bean an tighe. Bhí corán fheóla ar an dteine aici ag beiriú. Ach nuair a bhí aithne aici ar cé bhí aici do thóg sí an corcán de'n teine gus do chuir sí siar sa chuinne é. Do shuidh sí sios ag seanachuidheacht le h-Aodhaghan. Tháinig fear an tighe isteach agus do bheannuig sé d'Aodhaghán. D'fhiafruigh sé d'Aodhaghán an raibh aon sgeul aige.Le bliain is dachad is fada dom féin i ntriallIs níor fhan ribe le glugar im' chúl nár liathAgus ní fhacas-sa aon iongnadh am' shúile riamh,Ná an sgiobadh fuair an cuire sa chúinne siar
Dubhairt fear an tighe annsan "Má fuair an corcán sciobadh sa chúinne tiocfaidh sé thar n-ais arís."
Mo shean-athair Padraig Ó Curráin ó Rinn-na-nDealgán a innis an sgeul so dom. Tá sé 83 bl. d'aois- Bailitheoir
- Cáit Ní Curráin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Curráin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí