Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 201
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear thíos i gCromán fadó agus do chuaidh sé ag deunamh cleamhnais go Gleannbeithe. Ní raibh aon grádh ag an mnaoi óig do, agus bhí sí d’íarraidh an teicheadh do chur air.
Do thaithn sé leis an muinntir chríona agus bhíodar a diarraidh an cleamhnais a dheunamh eatortha ach ní thabharfadh an bhean óg aon ghéilleadh dhóibh. Do bhí an bhean óg ag cuimhneamh gach lá ar é a dhíbirt ón dtig. Bhí file i nGleannbeithe an uair sin gur b’ainm dó Seán Walker agus do chuir an bhean óg sgeul chuige a rádh leis gur theastuigh uaithi é dfeiscint.
Do tháinig Walker ag triall ar an mnaoi óig agus d’innis sí an sgeul do agus dubhairt sí leis go dtabharfadh sí píosa tobach dó dá ndíbreochadh sé an fear a bhí ag deunamh cleamhnais léi, mar ná raibh aon grádh aici do.
Oidhche áirithe do tháinig Walker go dtí an tig. Do bhí an fear óg ann roimis.
Do shuidh Walker ar stól inaice an dorais agus do leig sé air ana náire do bheith air. Ní labharfadh sé le h-éinne mara dheadh, agus do bhí muinntir an tighe a rádh leis teacht go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Séaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí