Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 218
- XML “Lá Fhéile Pádraig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá le PádraigLá saoire bliantamhail iseadh Lá le Pádraig. Caiteann gach duine píosa seamróige an lá úd mar is leis an t-seamróig a mhúin Naomh Pádraig Rún na Tríonóide dúinn.Fadó théigheadh na daoine isteach go dtí tig tabhairne agus fluicheadh siad an tseamróg istig le h-uisge beatha agus bídís ag ól is ag ól go dtí go mbídís bog meidhreach. Caithidís cláirseacha ar a gcota. Iad féin a deineadh na cláirseacha. Do bheirid ubh agus priocaidís a lámha le biorán. Asnsan deinidís an buidheachán agus an fhuil do mheascadh. Cuiridís ar a muilte é. Ba dheas leath iad d'fheiscint an lá san nuair a bhíodh siad déanta suas aca.Páganaigh do beadh na Seana Ghaedhil. Ní raibh fhios aca mar gheall ar Dia. D'abhradís an ghrian, an ghealach, agus na réalta. Sara bhfuair Naomh Padráig bás dubhairt sé ná gcaillfeadh Éire creideamh Críost go deó. Níor tháinig Naomh Pádraig riamh go Ciarraidhe ach dheirtear gur bheannuigh sé uaibh é.Sé m'athair Mícheal Ó Seághda ó Chalathanuisge a innis an sgeal so dom.
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Seághda
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caladh an Uisce, Co. Chiarraí