Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)

Suíomh:
Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 016

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann na gCoileach
  2. XML Leathanach 016
  3. XML “An Feirmeoir agus an Tiarna Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Feirmeóir, agus an Tighearna Talmhan.
    Bhí feirmeóir dar b'ainm dó Mícheál Ó Cruadhlaoich 'na chómhnuidhe i gCiarraidhe fad fadó, agus bhí sé anbhocht, cé gur duine gnóthach dícheallach é. Ní fhéadfhadh sé a chíos do dhíol agus togha droch-dhuine do b'eadh an Tighearna Talmhan, agus nuair a bhíodh fearg ar an dTighearna Talmhan, ní fhéadfadh aoinne labhairt leis. Lá chuaidh an Tighearna Talmhan ag fiadhach, agus bhí an t-ádh 'na choinnib - mar níor mhairbh sé faich. Tháinig sé abhaile go canncarach agus ar a slíghe dhó abhaile chonnaich sé bó dhubh an fheirmóra agus scaoil sé piléar tríthi. Chuala bean an fheirmóra an t-urcar, agus rith sí fé dhéin na h-áite. Tháinig brón uirthi agus thosnuig sí ag gol. Bhí an feirmeór i gcruadh-chás, ach ní fhéadfhadh leis focal do labhairt, ach 'na aighne féin, thug sé an bean go mbeadh díoghaltas aige as. Sciob sé an chroiceann de'n bhuaidh, agus le tuitim na h-oidhche, shuidh leis fé dhéin an mhargaidh ar eagla go bhfeicheadh an Tighearna Talmhan é. Bhí scannradh air. Tré choill a chuaidh sé agus cheap sé gur chuala se fothram. Anáirde leis ar chrann, agus i gceann tamaill, tháinig dream bitheamhna ag bun an chrainn. Bhí cófra mór acu, lán d'airgead is d'ór. Thosnuigheadar ag troid mar gheall ar "roinnt a stór." D'oscuil súile an fheirmóra, agus tháinig dúil sa ciste air. Chaith sé croiceann na bó uaidh síos. Nuair chonnaich na bitheamhnaigh an cheann mór, na h-adarca, agus an croiceann dubh ag teacht ó'n spéir, cheapadar gur bh'é an diabhal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Bailitheoir
    Sean Naughton
    Inscne
    Fireann