Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 149

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 149

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 149
  3. XML “Capall”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ba cheart tig compórdach a bheith mar stábla ag an gcapall. Teastuigheann aer agus solas ó an gcapall. Dá mbéadh capall i stábla dorcha gan a dhóthain aeir i rith an geimhridh, thosnóchadh sé ag casachtaig mar he would be broken winded agus annsan ní bhéadh aon mhaitheas air. Níl aon leigheas ag an bhfeirmeóír ar an galar so acht an capall do leigint amach ins na páirceannaibh agus gan aon coirce nó feár tirim do thabhairt dó. Tugtar prátaí abh, maingeilí agus aiteann glas dos na capallaibh. Bíonn cionn mór ag muinntear na tuatha ar a gcapallaibh i gcomhnuidhe agus measann gach duine aca gur aige féin a bhíonn an capall is fearr sa pharóíste. Bíonn capaill mhaithe ins an bparóíste anois agus arí acht aon uair amháín bhí capall mór dubh ag Patsy Breac i Lios-a-Phúca agus deireann na sean daoine gur an - chapall a bhí ann. Bhí tig tabhairne ag Patsy agus bhí Cill Áirne sé míle ó Lios-a-Púca. Shuidheadh Patsy anáirde ar a charr-chlíatháin ag a dhoras feín agus i gcionn ceathramhadh uaire den clog bhíodh s é ins an Sráid-Nuadh i gCillÁirne.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmaid Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí