Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 031
- XML “Cuimín Péiste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuimín eile inaice le Cúm Cailighe is eadh é a seo. Tá loch bheag ann agus tá sí ana dhoimhin ar fad. Deirtear go bhfuil píast mhór fé an uisce ins an loch. Tagann an phíast amach as an uisce anois agus arís agus itheann sí an féar fada glas a fhásann in aice na locha.Bhí fear ag iascach sa loch eile, atá ins an áit céadhna agus bhí a lán breac beirthe aige. D'fhág sé na bric ar an talamh inaice na locha agus tar éis tamaill cad a chonnaic sé acht píast mhór ag teacht go dtí na héisc agus á nithe. Nuair a bhí na h-éisc go léir ithte aice, shiubhal sí isteach san uisce agus d'fhan sí ann. An chéad lá eile gur chuaidh an fear go dtí an áit; bhí a ghunna aige agus chonnaic sé an rud mór dubh ag teacht amach as an uisce. Chaith sé urchar leis an bpéíst (?) mhóir agus do bhuail sé ins an gceann í. Léim an phíast as a colann agus leig sí uaill aiste agus isteach sa loch leí. Dubhairt an fear go raibh sí comh mór le capall beag, go raibh earrbal fada uirthi, ceann mór, cosa beaga agus muíng ag fás ar a muineál.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Dáithí Ó Leain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Leadhbáin, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Leain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Lios Leadhbáin, Co. Chiarraí