Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 009
- XML “Faill an Chomhraic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Áit in aice na scoile seo is eadh Faill-an-Chomhraic. Bhí bean na comhnuidhe i Maol-lios fad ó agus sé an ainm a bhí uirthi ná An Chailleach Mhór Mhaol-lios. Tháinig na báillí agus na píléirí timcheall na h-áite seo, aon lá amháin ag bailiughadh na gcánach. Bhí an chailleach ar an bhfaill rómpa agus nuair chonnaic sí ag teacht iad thosnuig sí ag lúirígh cómh--hárd san gur chuala na comharsanna go léir í. Dubhairt an chailleach leó gan teacht níos giorra dí nó bhéadh sé níos measa dhóibh. Stad na píléirí agus na báillí agus bhíodar ag argóint leis an mnaoi. Nuair a chuala na comharsanna an lúirig, bhí fhios go maith aca cad a bhí ar siubhal agus thánadar go dtí an faill agus bataí móra aca. Nuair do chonnaic an bhan an chabhair ag teacht cuichi, léim sí as a corp i lár an bhóthair, agus thosnuig sí ag gabhail ar na báillíbh le bata a bhí in a láimh aice. Rith na píléirí agus na báillí agus rith an chailleach agus muinntear an gleanna in a ndiaidh - Ní fheadar cár stadadar.Ó shoin tugtar Faill an Chomhraic ar an áit.
- Faisnéiseoir
- Diarmaid Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cladach, Co. Chiarraí