Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 159
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeul
Bhí fear n-a chomhnuidhe ar Cnoc na dTobar san áit n-a bhfuil Tobar Beannuighthe Naomh Fursa. Ní raibh aon radharc aige ó bhí sé fiche blian. Ní stadadh sé ach ag tabhairt turas gach aon Aoinne , Satharn agus Domhnach. Bhí sé ag dul ar aghaidh mar sin ar feadh deich mblian. Ní imthigheadh sé go dtí aon Aifreann. Ní raibh aon seipeál i gCathair Saidhbhín ach dhá mhíle uaidh. Aon Domhnach amháin bhí a thurus críochnuighthe aige nuair a labhair duine leis. “Seadh, a Sheumais” ar seisean “Annsan ataoi , cén fáth nár imthighis go dtí an t-Aifreann Beannuighthe ?” “Níl aon radharc agam” ar seisean. “Draid i leith annso chugham” arsan fear. Bhuail sé a dhá láimh ar a shúile agus dhein sé comhartha na croise air."a chíonn tú aon nídh anois?" ar seisean. “Cím fear breágh uasal agus innis dom anois cé hé tú féin” “ Mise Naomh Pádraig” ar seisean “Nach fuil ‘ fios agat gur lá le Pádraig atá agat ?” Thug sé seamróg dó. Imthig go dtí an t-Aifreann gach aon Domhnach eile agus níl a bhac ort turas do tabhairt annso leis. An cheud Domhnach a d’imthig sé bhí an ghrian ag soillsiú isteach tríd na fuinneogaibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Ceallaigh
- Inscne
- Baineann