Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 112
- XML “Amhrán Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán Eile (ar lean)
“Tráthnóinín Déidheanach cois taobh leasa bhíos”
(ar lean ón leathanach roimhe)V
Dá dtabharfá sa an saoghal dom fíon craorach is beoir
Agus bain ríoghan do dheunamh dom fhéin ar a gcoróinn
Ní sínfhinn mo thaobh dheas le h-aon fhear chun spóirt
Cun go bhfuilfidh mo chéile chugham marbh ná beo.
VI
A Chailín bhig uasal na gruaige fine bhuidhe
Ná tagfá annso anuas chugam ar comhgar na óige.
Mar do thógfainn-se an ceo is an brón suas dod’ chroidhe
Fé mar eíreochadh an lóchán de’n choirce le gaoith
VII
A bhuachaillín marainn (mánla) leog feasta ded ghlór
Agus teighir uaim abhaile is tabhair aire dod’ ghnó
Mar ní thirimeochaidh mo leacain is ní sgaipfidh mo bhrón
Chun go n-iompóchaidh dubh dearg nó go bhfillfidh mo stór
VIII
Dá mbeinn se sa bhaile i bhfocair mo ghrádha
Dheánfainn romhar di gus grafadh le h-allus mo cnámha
Ba caoire ná capall mór chuireas riamh i dtabhacht
Ach ar aon Coisde ní dhaorfhainn mo Chuisle go bráth.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Huggard
- Inscne
- Fireann